KCETB Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach

Nós Imeachta chun Gearáin a Dhéanamh

Tá BOO Chill Chainnigh agus Cheatharlach tiomanta do sheirbhís ardchaighdeáin do chustaiméirí a sholáthar.

Tá sé mar aidhm ag ár bhfoireann an tseirbhís is fearr agus is féidir a sholáthar duit ar bhealach éifeachtach, éifeachtúil agus comhbhách. Más mian leat aon tuairimí ginearálta nó moltaí a thabhairt maidir lenár seirbhísí is féidir leat ceann dár ‘gCártaí Tuairime do Chustaiméirí’ a chomhlánú atá ar fáil inár n-oifigí/scoileanna/ionaid go léir nó ónár nOifigeach Seirbhísí Custaiméara ar: (056) 777 0966.

Mar sin féin, mura bhfuil tú sásta leis an tseirbhís a fhaigheann tú ó(n) oifig/scoil/ionad ar leith ba cheart duit é sin a chur in iúl dúinn chomh luath agus is féidir. Léiríonn an méid seo a leanas an próiseas trína dtabharfaimid aghaidh ar do chuid imní.

Cad iad na saincheisteanna a chlúdaítear?

Baineann an nós imeachta seo le gearáin faoi cheisteanna mar moilleanna, botúin, drochsheirbhís do chustaiméirí, cásanna nach bhfuair tú an caighdeán seirbhíse a bhraitheann tú a bhfuil tú i dteideal a fháil. Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil beartais agus nósanna imeachta sonracha ag scoileanna/ionaid aonair maidir le hiontráil daltaí, smacht agus saincheisteanna eile atá bunaithe ar scoil/ionad. Ní chumhdóidh an nós imeachta seo saincheisteanna den sórt sin.

Caighdeáin chun déileáil le gearáin.

Déileálfaimid le do ghearán ar bhealach seasmhach, cothrom agus trédhearcach.
Má dhéanann tú gearán ní bheidh aon impleachtaí aige ar do chuid déileálacha agus teagmhálacha eile leis an BOO.
Déanfar comhfhreagras faoi do ghearán a chomhdú ar leithligh ó fhaisnéis eile a choinnítear fút sa BOO.
Eiseofar litir admhála ag dearbhú go bhfuarthas gearán laistigh de chúig lá oibre óna fháil.
Déanfaidh ball foirne nó ionadaí cuí seachas iad siúd a raibh baint acu leis an gcinneadh nó leis an ngníomh bunaidh an gearán a imscrúdú.
Fiosrófar do ghearán agus seolfar freagra laistigh de 20 lá oibre tar éis do ghearán a fháil nó chomh luath agus is indéanta ina dhiaidh sin.

Conas gearán a dhéanamh.

Tá an nós imeachta seo a leanas curtha i bhfeidhm ag BOO Chill Chainnigh agus Cheatharlach chun déileáil le gearáin:

Céim 1: Déan plé leis an Ionad/Scoil/Oifig

Ar an gcéad dul síos, ba chóir an gearán a chur faoi bhráid na foirne san oifig/ionad/scoil atá i gceist i scríbhinn. Is iad na daoine is fearr atá in ann déileáil le gearán ná na daoine a sholáthraíonn an tseirbhís. Déanfaidh an fhoireann lena mbaineann iarracht dul i ngleic le do ghearán agus a chinntiú go réitítear botúin agus/nó míthuiscintí.

Céim 2: Déan teagmháil leis an Oifigeach Seirbhísí do Chustaiméirí

Mura féidir leis an bhfoireann atá i gceist an cheist a réiteach nó mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra a fhaigheann tú ba chóir duit dul i dteagmháil leis an Oifigeach Seirbhísí do Chustaiméirí, i scríbhinn, a dhéanfaidh socrú go ndéanfar do ghearán a fhiosrú.

Colette Duggan – Oifigeach Seirbhísí Custaiméara
BOO Chill Chainnigh agus Cheatharlach
Lóiste Seville
Bóthar Challainn
Cill Chainnigh
Contae Chill Chainnigh T: (056) 777 0966
Ríomhphost: cduggan@kcetb.ie

Faisnéis ba cheart a sholáthar:

Is féidir leat cabhrú le fiosrú do ghearán a bhrostú trí na sonraí seo a leanas a sholáthar i scríbhinn:

D’ainm agus do sheoladh
Cineál cruinn do ghearáin
Dáta an tarlaithe
Ainm na rannóige agus, más cuí, an t-oifigeach nó na hoifigigh lena raibh tú ag déileáil
Uimhir theileafóin i rith an lae, dá mbeifeá sásta go ndéanfaimis teagmháil leat ar an teileafón. D’fhéadfadh sé seo cabhrú linn an cheist a réiteach níos tapúla.
Ná déan dearmad na doiciméid nó an comhfhreagras ábhartha go léir a d’fhéadfadh a bheith agat a sheoladh chugainn.

Céim 3: Déan teagmháil leis an bPríomhfheidhmeannach

Mura bhfuil tú sásta le toradh an athbhreithnithe ag an Oifigeach Seirbhísí do Chustaiméirí is féidir achomharc a dhéanamh i scríbhinn chuig an bPríomhfheidhmeannach.


Eileen Curtis, Príomhfheidhmeannach
BOO Chill Chainnigh agus Cheatharlach
Bóthar Bhaile Átha Í Ceatharlach

Ríomhphost: ecurtis@kcetb.ie

Léim ar ábhar