KCETB Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Rialtas na hEireann Government of Ireland
Cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach

Eolas Soláthair

Is féidir Soláthar Poiblí a shainiú mar éadáil, cibé acu faoi chonradh foirmiúil nó nach ea, oibreacha, soláthairtí agus seirbhísí ag comhlachtaí poiblí. Réimsíonn sé ó ghnáthsholáthairtí nó seirbhísí a cheannach, go tairiscint fhoirmiúil agus conarthaí a chur i bhfeidhm do thionscadail mhóra bhonneagair ag raon leathan agus éagsúil d’údaráis conarthaí.

Tá sé mar aidhm ag BOOCCC an luach is fearr ar airgead a fháil chun na hearraí agus na seirbhísí a theastaíonn uaidh a sholáthar. Comhlíonaimid rialacha agus rialacháin soláthair phoiblí agus nósanna imeachta ceannaigh inmheánacha.

Bhain BOOCCC leas as roinnt Creat-Chomhaontuithe mar a bhunaigh an Oifig um Sholáthar Rialtais (OGP). Díríonn an OGP go príomha ar chreat-chonarthaí a bhunú agus a bhainistiú le haghaidh earraí agus seirbhísí a úsáidtear go forleathan ar fud gach earnála seirbhíse poiblí. I gcás nach bhfuil aon Chreat bunaithe ag an OGP, féadfaidh BOOCCC a chreat féin a bhunú, ag brath ar nádúr an chonartha. Tá conarthaí iomadúla i bhfeidhm ag BOOCCC chun earraí agus seirbhísí áirithe a sholáthar, bunaithe ar na tairseacha a leagtar amach thíos i rith na bliana.

Tairiscintí Reatha

Fógra Tábhachtach do gach soláthróir earraí, oibreacha agus seirbhísí do Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach (BOOCCC)

 Tá eTenders ag athrú

Painéal do Scrúdpháipéar Bréige  le haghaidh Scoileanna/Ionaid Iarbhunscoile faoi lucht choimirce Bhord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach
Spriocdháta freagartha (am na hÉireann): 23/06/2022 12:00:00

Léim ar ábhar